Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Reithe agus an Pocán

1. Sa tríú bliain de réimeas Bhéilseazar rinneadh fís domsa, Dainéil, ina diaidh siúd a rinneadh dom ar dtús.

2. Ag faire na físe os mo chomhair dom, b'shiúd mé féin i Súsa an phríomhchathair, atá i gcúige Éalám; agus, ag faire na físe, b'shiúd mé ag geata Úlai.

3. D'ardaigh mé mo shúile chun féachana. Féach! Reithe ina sheasamh ar bhruach na habhann. Bhí dhá adharc air; bhí an dá adharc ard, ach ceann acu níos airde ná a chéile agus ba é an ceann ab airde an dara ceann a d'éirigh suas.

4. Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air.

5. Féach, seo mar a thug mé faoi deara: Tháinig pocán ón iarthar, de dhroim na talún uile ach gan baint leis an talamh, agus adharc shuntasach idir a dhá shúil.

6. Tháinig sé chun an reithe leis an dá adharc a chonaic mé ina sheasamh ar bhruach na habhann agus chuaigh de rith ina aghaidh le teann buile.

7. Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht.

8. Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit d'éirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe.

9. As ceann díobh d'eascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire.

10. Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu.

11. D'ardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua;

12. [in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn.

13. Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: “Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?”

14. Dúirt [an chéad cheann leis]: “Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.”

15. Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b'sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh.

16. Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.”

17. Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m'fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d'uain na críche atá an fhís.”

18. Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m'aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d'ardaigh ar mo bhoinn mé.

19. “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.

20. An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.

21. Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí.

22. An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d'fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.

23. I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n‑olc,éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.

24. Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é);millfidh sé go huafásach;agus rithfidh leis ina ghnóthaí;scriosfaidh sé treoin,agus pobal na naomh.

25. Trína ghliceasneartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh,agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí.Millfidh sé a lán gan choinne,agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa;ach brisfear é - agus sin trí láimh nach daonna.

26. Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste,ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.”

27. Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin d'éirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi.