15. Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b'sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh.
16. Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.”
17. Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m'fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d'uain na críche atá an fhís.”
18. Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m'aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d'ardaigh ar mo bhoinn mé.
19. “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.
20. An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.
21. Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí.
22. An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d'fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.