Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 7:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhreithnigh mé na hadharca, agus féach, d'éirigh ina measc ceann eile, adhaircín, agus stoitheadh trí cinn de na chéad adharca aníos lena theacht. Agus b'sheo súile mar shúile duine san adharc seo, agus béal ag caint is ag rá nithe móra.

9. Bhí mé ag faire:Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n‑ionadagus shuigh Sinsear na Laethanta.Bhí a éide ar lí an tsneachta,agus folt a chinn mar olann ghlan.Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga,agus ba thine spréacharnach a rothaí.

10. Ling sruth tineagus bhrúcht amach roimhe.Bhí míle míle ag fónamh dóagus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.Shuigh an chúirt i mbreithiúnas,agus osclaíodh na leabhair.

11. “Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d'fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine.

12. Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.

13. Chonaic mé i bhfíseanna oíche.Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,amhail Mac an Duine.Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,agus cuireadh os a chomhair é.

14. Dó siúd tugadh tiarnas,glóir is ardfhlaitheas,go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.Tiarnas síoraí a thiarnas,nach rachaidh ar ceal,ná ní scriosfar a ríocht.

15. “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.

16. Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d'iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D'fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom.

17. ‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo.

18. Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.’

19. Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 7