Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 7:19-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;

20. agus i dtaobh na ndeich n‑adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a d'éirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe.

21. Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad,

22. nó gur tháinig Sinsear na Laethanta agus gur thug breith i bhfabhar naomh an Té is Airde, agus tháinig an t‑am ar ghlac na naoimh seilbh ar an ríocht.

23. Dúirt sé:‘Maidir leis an gceathrú hainmhí:Beidh an ceathrú ríocht ar talamh,éagsúil le gach ríocht.Slogfaidh sí an domhan uile,satlóidh sí faoi chois é agus millfidh sí é.

24. Agus maidir leis na deich n‑adharc:As an ríocht seo,éireoidh deich rí agus éireoidh rí eile ina ndiaidh.Beidh sé éagsúil lenar ghabh roimhe,agus cloífidh sé trí rí.

25. Labhróidh sé briathra in aghaidh an Té is Airde,ciapfaidh sé naoimh an Té is Airde,agus smaoineoidh sé ar na haimsirí agus ar an dlí a athrú.Tabharfar na naoimh ina lámhaar feadh ré, agus dhá ré, agus leathré.

26. Ach suífidh an chúirt i mbreithiúnas agus bainfear a thiarnas de,le scriosadh agus le milleadh óna mháithreacha boinn.

27. An ríocht, an tiarnas,mórgacht gach flaithis faoin spéir,tabharfar iad uile do phobal naoimh an Té is Airde.Is ríocht shíoraí a ríochtagus géillfidh agus umhlóidh gach ríocht dóibh.’

28. “Sin finit leis an ábhar seo. Maidir liomsa, Dainéil, bhí mé suaite go mór i mo smaointe, chlaochlaigh mo lí, ach choimeád mé an gnó i m'aigne.”

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 7