19. Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;
20. agus i dtaobh na ndeich n‑adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a d'éirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe.
21. Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad,
22. nó gur tháinig Sinsear na Laethanta agus gur thug breith i bhfabhar naomh an Té is Airde, agus tháinig an t‑am ar ghlac na naoimh seilbh ar an ríocht.