Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 7:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ling sruth tineagus bhrúcht amach roimhe.Bhí míle míle ag fónamh dóagus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.Shuigh an chúirt i mbreithiúnas,agus osclaíodh na leabhair.

11. “Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d'fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine.

12. Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.

13. Chonaic mé i bhfíseanna oíche.Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,amhail Mac an Duine.Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,agus cuireadh os a chomhair é.

14. Dó siúd tugadh tiarnas,glóir is ardfhlaitheas,go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.Tiarnas síoraí a thiarnas,nach rachaidh ar ceal,ná ní scriosfar a ríocht.

15. “Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé.

16. Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d'iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D'fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom.

17. ‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo.

18. Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.’

19. Ansin b'áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa;

20. agus i dtaobh na ndeich n‑adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a d'éirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe.

21. Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad,

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 7