Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: “Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d'fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d'ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh.