Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:94-97 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

94. Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n‑éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo.

95. Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: “Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d'fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d'ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh.

96. Uime sin tugaim ordú: ‘Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.’ ”

97. Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3