Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 2:33-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. a cosa d'iarann agus a troithe i gcuid d'iarann, i gcuid de chré.

34. D'fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d'iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh.

35. Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile.

36. B'shin an aisling, agus inseoimid a chiall anois i láthair an rí.”

37. “Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir;

38. cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin.

39. I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile.

40. Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t‑iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t‑iarann a bhriseann gach ní.

41. Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib.

42. Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon.

43. Mar a chonaic tú an t‑iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t‑iarann leis an gcré.

44. I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,

45. díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.”

46. Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus d'ordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó.

47. Dúirt an rí le Dainéil: “Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d'fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.”

48. Thug an rí onóir ard do Dhainéil agus iomad duaiseanna móra: rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine uile, agus maor ar shaoithe uile na Bablóine.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 2