Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Taibhreamh Nabúcadnazar: an Íomhá Chumaisc

1. Sa dara bliain de réimeas Nabúcadnazar rinneadh taibhrimh do Nabúcadnazar i dtreo gur suaitheadh a spiorad agus gur thréig an codladh é.

2. Ansin d'ordaigh an rí glaoch ar an lucht gintlíochta agus draíochta, ar na hasarlaithe agus ar na Caildéigh, chun a thaibhrimh a insint don rí. Tháinig siadsan isteach dá bhrí sin agus sheas siad i láthair an rí.

3. Dúirt an rí leo ansin: “Chonaic mé taibhreamh agus buaireadh mo spiorad le fonn an taibhreamh a thuiscint.”

4. D'fhreagair na Caildéigh an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol. Inis do thaibhreamh do do shearbhóntaí agus léireoimid a chiall.”

5. D'fhreagair an rí na Caildéigh: “Chun gurbh eol daoibh mo bheartas cinnte: mura léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall domsa, stollfar bhur mbaill óna chéile agus scartálfar bhur dtithe ó bhonn.

6. Ach má léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall dom gheobhaidh sibh uaim tabhartais agus luaíochtaí agus iomad onóra. Léirígí dom an taibhreamh dá bhrí sin agus mínigí dom a chiall.”

7. D'fhreagair siad athuair: “Insíodh an rí a thaibhreamh dá shearbhóntaí, agus léireoimidne a chiall.”

8. Dúirt an rí á bhfreagairt: “Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha,

9. mura n‑insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t‑aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t‑am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.”

10. D'fhreagair na Caildéigh an rí: “Níl aon duine ar talamh a d'fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d'iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach.

11. Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.”

12. Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus d'ordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh.

13. Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe.

14. Ach le stuaim agus le gaois d'fhreagair Dainéil Airíoc, ceannaire gharda an rí a chuaigh amach chun saoithe na Bablóine a bhású.

15. Dúirt sé le hAiríoc, ceann feadhna an rí: “Cad ina thaobh,” ar seisean, “go bhfuil ordú chomh dian sin ón rí?” D'inis Airíoc an scéal do Dhainéil,

16. agus isteach le Dainéil agus d'iarr ar an rí aga a thabhairt dó chun a chiall a léiriú don rí.

17. D'fhill Dainéil ar a theach agus lig sé an scéal le Hanainiá, Míséil agus Azairiá, a chompánaigh,

18. chun go n‑impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine.

19. Ansin foilsíodh an rundiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe.

20. Dúirt Dainéil:Go mbeannaítear ainm Dé ó aois go haoismar gur aige atá eagna agus cumhacht.

21. Athraíonn sé uaine agus réannaagus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe,a thugann eagna do shaoithe,agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu.

22. Is é a léiríonn a bhfuil domhain agus diamhair,a bhfuil a fhios aige cad atá sa dorchachta bhfuil an solas ina chónaí fairis.

23. Duitse, a Dhia m'aithreacha, a bheirim buíochas agus moladhMar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht];féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon;léirigh tú dúinn fadhb an rí.

24. Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: “Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.”

25. Ansin bhrostaigh Airíoc Dainéil isteach i láthair an rí agus dúirt sé leis: “Fuair mé i measc bránna Iúdá duine a inseoidh an chiall don rí.”

26. Labhair an rí le Dainéil (ar a dtugtaí Béiltiseazar): “An féidir leat,” ar seisean, “an taibhreamh a chonaic mé agus a chiall sin, a léiriú dom?”

27. D'fhreagair Dainéil an rí: “An rún atá á lorg ag an rí, ní féidir le saoithe ná le draoithe, le hasarlaithe ná le fáistinigh, é a thaispeáint don rí.

28. Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo d'aisling agus físeanna do chinn ar do leaba:”

29. “I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, d'fhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche.

30. Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí.

31. Deineadh fís duit, a rí. Féach íomhá, íomhá ollmhór, í ar bharr gile agus ina seasamh os do chomhair go haduafar le feiceáil.

32. D'ór fíre ceann na híomhá, a hucht agus a géaga d'airgead, a bolg agus a sliasta de phrás,

33. a cosa d'iarann agus a troithe i gcuid d'iarann, i gcuid de chré.

34. D'fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d'iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh.

35. Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile.

36. B'shin an aisling, agus inseoimid a chiall anois i láthair an rí.”

37. “Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir;

38. cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin.

39. I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile.

40. Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t‑iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t‑iarann a bhriseann gach ní.

41. Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib.

42. Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon.

43. Mar a chonaic tú an t‑iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t‑iarann leis an gcré.

44. I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,

45. díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.”

46. Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus d'ordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó.

47. Dúirt an rí le Dainéil: “Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d'fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.”

48. Thug an rí onóir ard do Dhainéil agus iomad duaiseanna móra: rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine uile, agus maor ar shaoithe uile na Bablóine.

49. Rinne Dainéil achainí chun an rí ansin i dtreo gur chuir sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, ach d'fhan Dainéil féin i gcúirt an rí.