13. Nuair a bhí siad imithe amach leag an rí an bia amach roimh Bhéil.
14. Ansin d'ordaigh Dainéil dá sheirbhísigh luaith a thabhairt chuige agus leath siad í ar fud urlár an teampaill uile agus gan aon duine ach an rí amháin i láthair. Ansin amach leo; d'iaigh siad an doras, shéalaigh siad é le séala an rí, agus d'imigh siad leo.
15. Tháinig na sagairt istoíche, mar ba ghnáth, lena mná is a bpáistí, agus d'ith siad agus d'ól siad a raibh ann.
16. D'éirigh an rí go moch agus tháinig sé agus Dainéil fairis.
17. D'fhiafraigh an rí: “An bhfuil na séalaí gan briseadh, a Dhainéil?” “Tá siad slán, a rí,” d'fhreagair Dainéil.
18. A luaithe a d'oscail sé an doras, d'fhéach an rí ar an mbord agus ghlaoigh in ard a chinn: “Is mór tú, a Bhéil, agus níl caimiléireacht ar bith ag baint leat.”
19. Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a d'fhág rian seo na gcos.”
20. “Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí.
21. Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.
22. Chuir an rí chun báis iad agus thug sé Béil suas do Dhainéil; scrios sé siúd an t‑íol agus a theampall.
23. Bhí sa Bhablóin dragan mór a bhí á adhradh ag an bpobal.
24. Dúirt an rí le Dainéil: “Ní féidir duit a shéanadh gur dia beo é seo! Adhair é dá bhrí sin.”
25. D'fhreagair Dainéil: “Adhraim an Tiarna mo Dhia; is é sin is Dia beo ann.