Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 9:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne mé dianmhachnamh i mo chroí istigh ar an scéal seo go léir agus aithním go bhfuil na fíréin agus na saoithe agus a n‑oibreacha uile ar láimh Dé. Ach ní eol don duine an fabhar nó fuath atá ann dó; níl ciall ar bith le ceachtar acu, dar leis.

2. Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.

3. I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.

4. Óir tá ábhar dóchais fós ag an té atá i gcomhluadar na mbeo uile go fóill; mar is fearr madra beo ná leon marbh.

5. Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.

6. Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá - ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.

7. Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 9