Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 9:35-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d'éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí.

36. Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: “Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.” “Is ann is dóigh leat,” arsa Zabul leis, “gur fir iad scáthanna na sléibhte.”

37. “Seo fir,” arsa Gál arís, “ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.”

38. “Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”

39. Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic.

40. Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh.

41. D'fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim.

42. Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan.

43. Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.

44. Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d'ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n‑ár.

45. Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 9