Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 9:23-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.

24. Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.

25. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.

26. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis.

27. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.

28. Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?

29. Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”

30. Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d'adhain a fhearg.

31. Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: “Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d'aghaidh.

32. Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.

33. Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d'aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.”

34. Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.

35. Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d'éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí.

36. Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: “Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.” “Is ann is dóigh leat,” arsa Zabul leis, “gur fir iad scáthanna na sléibhte.”

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 9