Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 9:16-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. “Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d'Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan -

17. throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;

18. ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m'athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é -

19. más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.

20. Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”

21. Theith Iótám leis ansin, agus d'éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.

22. Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.

23. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.

24. Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.

25. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.

26. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis.

27. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.

28. Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?

29. Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 9