Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 8:26-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Ba é meáchan na bhfainní óir a d'éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.

27. Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.

28. Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.

29. Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin.

30. Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige.

31. Bhí bean luí aige i Seicim agus rug sí sin mac dó chomh maith, ar ar thug sé Aibímeilic.

32. Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; d'éag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach.

33. Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.

34. Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d'fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall.

35. Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d'Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 8