Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 8:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.”

19. D'fhreagair Gideón: “Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.”

20. Ansin d'ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: “Éirigh agus cuir chun báis iad!” Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach.

21. Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin d'éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.

22. Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: “Bí i gceannas orainn - thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d'fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.”

23. Dúirt Gideón leo: “Ní bheidh mise i gceannas oraibh, ná ní bheidh mo mhac i gceannas oraibh; beidh an Tiarna i gceannas oraibh.”

24. Dúirt Gideón leo: “Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom” - bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad.

25. D'fhreagair siad: “Tabharfaimid agus fáilte.” Leath sé brat ansin agus chaith gach duine díobh na fáinní as a chreach ar an mbrat.

26. Ba é meáchan na bhfainní óir a d'éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 8