Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 3:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.

9. Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.

10. Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.

11. Bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh daichead bliain.Nuair a fuair Oitníéil mac Canaz bás,

12. rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

13. Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.

14. Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag.

15. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

16. Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.

17. Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 3