Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 3:26-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. D'éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá.

27. Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.

28. Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.

29. Mharaíodar an uair sin timpeall deich míle Móábach; laochra tréana cumasacha iad uile; níor fágadh fear inste scéil díobh.

30. Fuair Iosrael lámh in uachtar ar Mhóáb an lá sin, agus bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh ceithre fichid bliain.

31. Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d'fhuascail seisean Iosrael freisin.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 3