Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 3:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

16. Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.

17. Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón.

18. Nuair a bhí an cháin curtha i láthair Eaglón aige, d'imigh sé leis an muintir a d'iompair an cháin.

19. Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.

20. Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.

21. Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.

22. Lean an dornchla an lann isteach agus dhún an méithreas ar an lann mar nár tharraing sé an claíomh as a bholg; tháinig an cainniúr amach.

23. Chuaigh Éahúd amach sa phóirse ansin, dhún doirse an tseomra uachtair air, agus chuir an glas orthu.

24. Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d'fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. “Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,” ar siad leo féin, “atá sé.”

25. D'fhanadar agus d'fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d'osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár.

26. D'éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá.

27. Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.

28. Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 3