Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 16:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.

13. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.” Dúirt sé léi: “Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”

14. Chuir sí chun suain é, d'fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán.

15. Dúirt Dilíleá leis: “Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.”

16. Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.

17. Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”

18. Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: “Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.” Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t‑airgead ina lámha.

19. Chuir sí chun suain ina hucht é, agus chuir fios ar fhear agus bhearr sé na seacht ndual dá cheann. Ansin chrom sí ar spochadh as agus theip ar a chumas.

20. Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.

21. Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.

22. An ceann gruaige a bhí bearrtha, chrom sé ar fhás arís.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 16