Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.” Dúirt sé léi: “Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”