Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 1:13-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.

14. Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”

15. “Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,” ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.

16. Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].

17. Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair.

18. [Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.

19. Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu.

20. Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.

21. Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.

22. Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.

23. Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh - Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.

24. Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. “Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,” ar siad leis, “déanfaimid anacal anama ort.”

25. Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d'imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht.

26. D'imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu.

27. Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 1