1. Cóip den litir a chuir Irimia chucusan a raibh rí na mBablónach ar tí iad a thabhairt go dtí an Bhablóin ina gcimí, chun an teagasc a fuair sé ó Dhia a fhógairt dóibh:
2. De dheasca na bpeacaí a rinne sibh in aghaidh Dé tabharfaidh Nabúcadnazar, rí na mBablónach, sibh in bhur gcimí go dtí an Bhablóin.
3. Nuair a bhainfidh sibh an Bhablóin amach, mar sin, fanfaidh sibh ann ar feadh mórán blianta, go ceann i bhfad, suas le seacht nglúin; ach ina dhiaidh sin tabharfaidh mé amach as an áit sin sibh faoi shíocháin.
4. Anois, sa Bhablóin feicfidh sibh déithe atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad a bhíonn á n‑iompar ar ghuaillí daoine agus a chuireann eagla ar na gintlithe.
5. Mar sin de, seachnaígí le nach mbeadh sibhse freisin cosúil leis na hallúraigh i ngach slí agus go dtiocfadh eagla na ndéithe seo oraibh, nuair a fheicfidh sibh ollslua daoine rompu amach agus ina ndiaidh ag tabhairt ómóis dóibh.
6. Ach abraigí in bhur gcroí: Is tú amháin, a Thiarna, a chaithfimid a adhradh.
7. Óir tá m'aingeal in bhur dteannta agus is eisean a bhíonn ag tabhairt aire do bhur n‑anamacha.
8. Ceardaí éigin a dhealbhaigh a dteangacha agus tá siad maisithe le hór agus le hairgead; ach is bréagach iad agus ní féidir dóibh labhairt.
9. Faightear ór agus déantar corónacha de le cur ar chinn na ndéithe seo mar a dhéanfá do chailín a bheadh tugtha don ghalántacht.
10. Ach uaireanta, tarlaíonn sé go mbaineann na sagairt an t‑ór agus an t‑airgead dá ndéithe chun iad a chaitheamh orthu féin;
11. fiú amháin, tugann siad cuid de do na striapacha a chónaíonn sna seomraí cúil. Na déithe seo atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad cuirtear baill éadaigh orthu faoi mar ba dhaoine iad
12. ach ní féidir dóibh iad féin a dhíonadh ar mheirg nó ar chreimeadh d'ainneoin na róbaí corcra a chuirtear orthu.