Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Litir Irimia

1. Cóip den litir a chuir Irimia chucusan a raibh rí na mBablónach ar tí iad a thabhairt go dtí an Bhablóin ina gcimí, chun an teagasc a fuair sé ó Dhia a fhógairt dóibh:

2. De dheasca na bpeacaí a rinne sibh in aghaidh Dé tabharfaidh Nabúcadnazar, rí na mBablónach, sibh in bhur gcimí go dtí an Bhablóin.

3. Nuair a bhainfidh sibh an Bhablóin amach, mar sin, fanfaidh sibh ann ar feadh mórán blianta, go ceann i bhfad, suas le seacht nglúin; ach ina dhiaidh sin tabharfaidh mé amach as an áit sin sibh faoi shíocháin.

4. Anois, sa Bhablóin feicfidh sibh déithe atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad a bhíonn á n‑iompar ar ghuaillí daoine agus a chuireann eagla ar na gintlithe.

5. Mar sin de, seachnaígí le nach mbeadh sibhse freisin cosúil leis na hallúraigh i ngach slí agus go dtiocfadh eagla na ndéithe seo oraibh, nuair a fheicfidh sibh ollslua daoine rompu amach agus ina ndiaidh ag tabhairt ómóis dóibh.

6. Ach abraigí in bhur gcroí: Is tú amháin, a Thiarna, a chaithfimid a adhradh.

7. Óir tá m'aingeal in bhur dteannta agus is eisean a bhíonn ag tabhairt aire do bhur n‑anamacha.

8. Ceardaí éigin a dhealbhaigh a dteangacha agus tá siad maisithe le hór agus le hairgead; ach is bréagach iad agus ní féidir dóibh labhairt.

9. Faightear ór agus déantar corónacha de le cur ar chinn na ndéithe seo mar a dhéanfá do chailín a bheadh tugtha don ghalántacht.

10. Ach uaireanta, tarlaíonn sé go mbaineann na sagairt an t‑ór agus an t‑airgead dá ndéithe chun iad a chaitheamh orthu féin;

11. fiú amháin, tugann siad cuid de do na striapacha a chónaíonn sna seomraí cúil. Na déithe seo atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad cuirtear baill éadaigh orthu faoi mar ba dhaoine iad

12. ach ní féidir dóibh iad féin a dhíonadh ar mheirg nó ar chreimeadh d'ainneoin na róbaí corcra a chuirtear orthu.

13. Thairis sin, caithfear a n‑aghaidheanna a ghlanadh ó luaithreach an teampaill a bhíonn ina luí orthu go trom.

14. Bíonn slat ag an dia amhail mar a bhíonn ag breitheamh cúige ach ní féidir dó aon duine a dhéanann éagóir air a dhíothú.

15. Ina láimh dheis bíonn miodóg agus tá tua aige freisin ach ní thig leis é féin a chosaint ar chogadh agus ar robálaithe.

16. Is léir uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.

17. Nuair a bhristear soitheach éigin ar dhuine, ní bhíonn aon mhaitheas ann dó feasta; is é an dála céanna é ag déithe na ngintlithe a bhíonn ina suí ina dteampaill. Óir bíonn a súile lán de luaithreach a thógann cosa na ndaoine a théann isteach iontu.

18. Agus faoi mar a dhúntar na doirse ar gach taobh ar dhuine atá tar éis éagóir a dhéanamh ar rí agus atá faoi bhreith báis dá bharr, mar an gcéanna daingníonn na sagairt a dteampaill le doirse agus le glais agus le barraí le heagla go ndéanfadh robálaithe iad a chreachadh.

19. Lasann siad níos mó lampaí do na déithe ná dóibh féin cé nach féidir dóibh sean aon cheann díobh a fheiceáil.

20. Is ionann [na déithe] seo agus ceann de bhíomaí an teampaill; deirtear go mbíonn a gcroíthe á gcreimeadh ag na seangáin bhána a thagann aníos as an talamh agus a itheann iad agus a gcuid éadaigh.

21. Nuair a dhubhaíonn deatach an teampaill a n‑aghaidheanna, ní thugann siad faoi deara é.

22. Bíonn sciatháin leathair agus fáinleoga agus éin eile agus go fiú na cait ag tuirlingt ar a gcoirp agus ar a gcinn.

23. Beidh a fhios agaibh uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.

24. Maidir leis an ór a chuirtear umpu mar mhaise, mura gcuimlítear an smál de, ní bheidh siad ag glioscarnach; óir, fiú nuair a bhítí á dteilgean, níor mhothaigh siad dada.

25. Is ar an luach is airde a cheannaítear iad; mar sin féin, ní bhíonn dé dá laghad iontu.

26. Ós rud é nach bhfuil cosa acu, caithfear iad a iompar ar ghuaillí daoine - rud a thaispeánann a n‑éadairbhe do chách.

27. Thairis sin, cuirtear náire orthu siúd a dhéanann freastal orthu; óir, aon uair a thiteann ceann de na déithe ar lár, ní féidir dó éirí as a stuaim féin; rud eile, má chuirtear ceann díobh ina sheasamh, ní féidir dó corraí; agus má chuirtear leath stuaic ar cheann díobh, ní féidir dó é féin a dhíriú. Dá ainneoin sin uile cuirtear bronntanais os a gcomhair faoi mar a chuirtear os comhair na marbh.

28. Díolann na sagairt na hofrálacha a bhronntar ar na déithe agus caitheann siad an t‑airgead orthu féin; ar an gcuma chéanna déanann a mná céile cuid díobh a shailleadh ach ní roinneann siad aon bhlúire díobh ar an mbocht nó ar an lag.

29. Mná atá ag cur a gcuid fola míosta agus iad siúd freisin atá tar éis éirí as leaba luí seoil, ligtear dóibh a lámha a leagan ar na hofrálacha seo chomh maith. Mar sin de, ós eol daoibh ó na nithe seo nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.

30. Óir, cén fáth a nglaofaí déithe orthu, ós rud é go leagann mná béilí roimh na déithe seo airgid agus óir agus adhmaid?

31. Thairis sin, bíonn na sagairt ina suí ina dteampaill agus a gclócaí sractha acu agus a gcinn agus a bhféasóga bearrtha agus iad ceann-nochta;

32. bíonn siad ag béicíl agus ag liúireach os comhair a ndéithe faoi mar a dhéantar ag tórramh marbháin.

33. Ardaíonn na sagairt cuid d'éadach na ndéithe leo agus gléasann siad a mná céile agus a bpáistí leis.

34. Cibé acu comaoin nó drochchomaoin a chuirtear orthu, ní féidir dóibh í a chúiteamh. Ní mó ná sin is féidir dóibh rí a chur i réim nó a bhriseadh.

35. Ar an gcuma chéanna ní féidir dóibh maith nó maoin a thabhairt uathu ach má thugann aon duine móid ach nach gcomhlíonann sé í, ní éileoidh siad cúiteamh air.

36. Ní féidir dóibh duine a shaoradh ón mbás nó an lag a chosaint ar an láidir.

37. Níl sé ar a gcumas ach oiread radharc na súl a thabhairt don dall nó an duine atá ar an anás a shábháil.

38. Ní ghlacann siad trua don bhaintreach ná ní dhéanann siad déirc ar an dílleachta.

39. Na hearraí adhmaid seo atá plátáilte le hór agus le hairgead, is cosúil iad le clocha sléibhe agus náireofar a lucht freastail.

40. Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad?

41. Thairis sin, fiú amháin na Caildéigh féin, tarraingíonn siad míchlú orthu; mar, nuair a fheiceann siad balbhán nach féidir dó labhairt go soiléir, tugann siad leo é agus iarrann siad ar Bhéil bua na cainte a thabhairt dó amhail is go bhféadfadh Béil iad a thuiscint.

42. Ní thig leo baois an iompair sin a aithint agus na híola a thréigean dá bharr, mar níl aon chumas tuisceana acu féin.

43. Bíonn mná, agus téada aniar thar a gcoim acu, ina suí sna sráideanna agus iad ag dó brain mar thúis; agus nuair a thugann ceann de na fir a bhíonn ag dul thart bean éigin díobh leis chun luí léi, maslaíonn sise an bhean is gaire di de bhrí nach raibh sí chomh tarraingteach léi féin agus nár briseadh a téadsan.

44. Gach uile rud a dhéantar ar son na n‑íol seo is bréagach é. Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad.

45. Saoir adhmaid agus gaibhne buí a dhéanann iad; mar sin de, ní bhíonn aon chruth eile orthu seachas an ceann is mian leis na ceardaithe a bheith orthu.

46. Na daoine a dhéanann iad, ní ró-fhada a mhairfidh siad féin; dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh déantús a lámh a bheith ina ndéithe?

47. Níor fhág siad ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh ach bréaga agus ábhar aithise.

48. Nuair a bhuaileann cogadh agus cruatan na déithe seo, is iad na sagairt a chaithfidh comhairle a ghlacadh le chéile faoi cén áit a rachaidh siad i bhfolach leo.

49. Mar sin de, conas a d'fhéadfaí a cheapadh gur déithe iad is a rá nach féidir dóibh iad féin a shaoradh ó chogadh nó ó chruatan?

50. Ós rud é go bhfuil siad déanta d'adhmad agus plátáilte le hór agus le hairgead, tuigfear níos déanaí gur bréagach iad;

51. beidh sé soiléir do na náisiúin agus do na ríthe uile nach déithe iad ach déantús lámh daoine agus nach bhfuil rian de chumas ceardaíochta Dé acu.

52. Dá bhrí sin an bhfuil aon duine ann nach eol dó nach déithe iad?

53. Óir ní féidir dóibh rí a cheapadh do thír ar bith ná báisteach a thabhairt do dhaoine,

54. Ní fhéadann siad ach oiread a gcás féin a agairt le daoine nó duine ar bith a fhuascailt ón éagóir, mar níl cumhacht dá laghad acu; óir is cuma nó cága idir neamh agus talamh iad,

55. Má théann teampall na ndéithe seo atá clúdaithe le hór nó le hairgead trí thine, éalóidh a gcuid sagart as slán ach déanfar luaith de [na déithe féin] mar bhíomaí adhmaid.

56. Thairis sin, níl ar a gcumas cur in aghaidh rí ná naimhde. Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a admháil nó a cheapadh gur déithe iad?

57. Déithe adhmaid atá clúdaithe le hairgead agus le hór, ní féidir dóibh iad féin a shábháil ó ghadaithe nó ó ropairí.

58. Bainfidh lucht an fhornirt an t‑ór agus an t‑airgead díobh, agus ardóidh siad leo an éide a chaitheann siad umpu agus gan é a bheith ar chumas na ndéithe cabhrú leo féin.

59. Dá thairbhe sin, is fearr an rí a thaispeánann a chuid fearúlachta, nó an soitheach áisiúil tí a fhónann go maith don té ar leis é ná na déithe bréagacha seo; go fiú an doras tí a choinníonn a bhfuil laistigh de slan, is fearr é ná na déithe bréagacha seo; an colún adhmaid atá istigh sa phálás is fearr é chomh maith ná na déithe bréagacha seo.

60. Dar ndóigh, tugann an ghrian agus an ghealach agus na réaltaí solas uathu agus nuair a sheoltar amach iad chun fónamh do dhaoine géilleann siad.

61. Mar an gcéanna, nuair a bhladhmann an tintreach feictear mórthimpeall í; is é an dála céanna ag an ngaoth é; séideann sí i ngach uile thír.

62. Nuair a ordaíonn Dia do néalta taisteal os cionn an domhain go léir, déanann siad rud air.

63. An tine chomh maith a chuirtear anuas ón spéir chun sléibhte agus coillte a loscadh, comhlíonann sí a n‑ordaítear di a dhéanamh. Ach níl na híola seo inchomórtais leo siúd i gcruth ná i gcumhacht.

64. Mar sin de, níl sé ceart a cheapadh gur déithe iad ná an t‑ainm sin a thabhairt orthu; mar ní féidir dóibh breithiúnas a thabhairt ná maitheas ar bith a dhéanamh do dhaoine.

65. Ós eol daoibh, mar sin, nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.

66. Óir ní fhéadann siad ríthe a mhallú nó a bheannú;

67. ná comharthaí a dhéanamh sa spéir do na náisiúin faoi mar a thaitníonn an ghrian agus mar a thugann an ghealach solas uaithi.

68. Is fearr na hainmhithe allta ná iad mar is féidir dóibh éalú leo ar foscadh chun iad féin a shábháil.

69. Mar sin de, níl oiread na fríde d'fhianaise ann gur déithe iad; dá bhrí sin, ná bíodh aon eagla oraibh rompu.

70. Amhail mar nach dtugann taibhse préachán i gceapach cúcamar cosaint ar bith, sin mar a bhíonn sé ag na déithe adhmaid seo atá clúdaithe le hór agus le hairgead.

71. Mar an gcéanna, na déithe adhmaid úd atá clúdaithe le hór agus le hairgead, tá siad cosúil le sceach i ngairdín ar a suíonn na héin go léir nó le corpán a caitheadh amach sa dorchadas.

72. Is léir ó na héidí corcra agus lín a bhíonn ag lobhadh orthu nach déithe iad; creimfear iad féin ar deireadh thiar agus beidh siad ina gceap magaidh sa tír.

73. Is fearr, mar sin, an duine macánta nach bhfuil aon íola aige; ní móide go dtabharfar tarcaisne dó choíche.