9. Óir chonaic sí go raibh fearg Détar éis éirí in bhur gcoinne agus dúirt sí:Éistigí, a chomharsana Shíón;tá Dia tar éis buairt mhór a chur orm.
10. Óir chonaic mé mo mhacra agus m'iníonraá seoladh uaim ina mbraighdeanaigh chogaidh -pionós a ghearr an Neach Síoraí orthu.
11. Thóg mé iad go lúcháireachach is faoi bhrón agus faoi bhuairta b'éigean dom iad a ligean uaim.
12. Ná bíodh sé ina ábhar áthais ag aon duinemise a bheith i mo bhaintreachagus mé fágtha liom féin ag cách;tréigeadh mé de dheasca peacaí mo chlainne;óir chlaon siad ó dhlí Dé.
13. Níorbh eol dóibh a reachtanna;níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Déná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.
14. Tagadh comharsana Shíón anseo;cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.
15. Óir scaoil sé ina n‑aghaidhnáisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,nár thug urraim do sheandaoineagus nach raibh trua aige do leanaí óga,
16. agus a thug chun siúil macra muirneach na baintríagus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.
17. I dtaca liomsa de, áfach,conas is féidir dom cabhrú libh?
18. Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.