Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 4:32-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Is mairg do na cathrachaa raibh do chlann ina sclábhaithe acu,is mairg freisin don chathair úda ghlac le do mhacra.

33. Óir, faoi mar ab ábhar áthais di do thurnamhagus gur bhain sí taitneamh as do léirscrios,sin mar a bheidh sí trombhuarthamar gheall ar a bánú féin.

34. Bainfidh mé di an cómhaíomha dhéanann sí as oll-líon a daonraagus déanfar dólás dá díomas.

35. Fearfaidh an Neach Naofa tine anuas uirthiar feadh mórán laethantaagus beidh deamhain ina gcónaí intigo ceann i bhfad.

36. Breathnaigh soir, a Iarúsailéim,go bhfeice tú an t‑aoibhneasatá ag teacht chugat ó Dhia.

37. Féach! An macra a chonaic tú ag imeacht uait,tá siad ag filleadh agus iad bailithe le chéilear ordú an Neach Naofaagus ag déanamh lúcháire faoi ghlóir Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 4