Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 4:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tagadh comharsana Shíón anseo;cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.

15. Óir scaoil sé ina n‑aghaidhnáisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,nár thug urraim do sheandaoineagus nach raibh trua aige do leanaí óga,

16. agus a thug chun siúil macra muirneach na baintríagus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.

17. I dtaca liomsa de, áfach,conas is féidir dom cabhrú libh?

18. Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.

19. Imígí libh, a chlann ó, imígí;mar táimse fágtha anseo i m'aonar.

20. Bhain mé róba na síochána díomagus chuir mé éadach róin an impígh orm;beidh mé ag glaoch ar an Neach Síoraífad a bheidh mé beo.

21. Bíodh misneach agaibh, a chlann ó!Glaoigí ar Dhia!Eisean a sciobfaidh sibh ón ansmachtagus ó lámha bhur naimhde.

22. Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchasgo sábhálfar sibh;mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí,mo chroí le háthas de bharr na trócairea dhéanfar oraibh ar ball beag.

23. Óir, sheol mé amach uaim sibhfaoi bhrón agus faoi bhuairt;ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibhle háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.

24. Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíónbhur mbraighdeanas anois beag,sin mar a fheicfidh siad gan mhoillan tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh,tarrtháil a dhéanfar oraibhle mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.

25. Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó,leis an racht feirgea lig Dia amach in bhur n‑aghaidh.Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libhach ar ball beag feicfidh sibhiad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 4