Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 4:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is ise leabhar aitheanta Déagus an dlí a mhaireann go deo.Mairfidh a gcoinneoidh greim uirthi;éagfaidh a dtréigfidh í.

2. Iompaigh, a Iacóib, agus beir uirthi;ar aghaidh leat i dtreo na loinnreachin airicis a cuid solais.

3. Ná tabhair do ghradam d'aon duine eile;ná bronn do phribhléidí ar chine coimhthíoch.

4. Is méanar dúinne, a Iosrael,mar is eol dúinnna nithe atá taitneamhach le Dia.

5. Bíodh misneach agaibh, a phobal liom,a shéadchomhartha Iosrael!

6. Ní chun go ndíothófaí sibha díoladh leis na náisiúin sibh;is amhlaidh a tugadh ar láimh do bhur naimhde sibhtoisc gur chuir sibh fearg ar Dhia.

7. Óir chuir sibh bhur gcruthaitheoir le builetoisc nach do Dhia ach do dheamhaina rinne sibh íobairtí.

8. Lig sibh i ndíchuimhnean Dia síoraí a chruthaigh sibhagus thairis sin chuir sibh brónar Iarúsailéim, bhur mbuime.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 4