20. Tháinig glúin níos óige ar an saol,agus d'áitrigh siad an tír ina ndiaidh;ach níorbh fhios dóibh ach oiread slí an eolais;
21. ná níor thug siad aird ar a bealaíná ní raibh siad gafa léi chor ar bith;is amhlaidh a d'imigh a gclann mhaci bhfad ar fán óna bealach.
22. Níor chualathas trácht uirthi i gCanán;ná ní fhacthas í i dTéamán.
23. Fiú amháin sliocht Ágara bhíonn ar thóir na tuisceana ar an talamh,agus trádálaithe [Mhidián] agus Théamánagus na seanchaithe agus lucht cuardaithe an eolais,níor aimsigh siad slí na heagnaná níor chuimhin leo a bealaí.
24. A Iosrael, nach mór go deimhin é teach Dé!Nach fairsing é a fhearannas!
25. Is leathan é go deimhinagus níl aon teorainn leis;is ard é chomh maithagus tá sé dothomhaiste.
26. Is ann a gineadh na fathaigh cháiliúla,a bhí ann anallód -fír a bhí an-ard agus oilte i gcúrsaí cogaidh.
27. Níorbh iad siúd a thogh Dia,ná ní dóibh a thaispeáin sé slí an eolais.
28. Bascadh iad toisc gan bua na tuisceana a bheith acu;díothaíodh iad mar gheall ar a ndíth céille.
29. Cé a chuaigh suas ar neamhchun breith uirthiagus chun í a thabhairt anuas chugainnó na néalta?
30. Cé a chuaigh thar lear chun í a fháilagus a cheannach ar thogha an óir?
31. Ní eol d'aon duine an tslí chuiciná ní mian le duine ar bithan bealach chuici a leanúint.
32. Ach an té arb eol dó gach uile ní,is aithnid dósan í.Chuir sé eolas uirthi de thoradh a ghaoise.An té a chóirigh an chruinnechun go mbeadh sí ann go deo,líon sé le hainmhithe ceathairchosacha í.