Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 3:11-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Cén fáth ar truaillíodh ag na mairbh thúagus ar áiríodh thú orthu siúda théann síos go Háidéas?

12. Toisc gur thréig tú tobar na heagna.

13. Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúintbheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.

14. Foghlaim cá bhfuil an chríonnachtagus an chumhacht agus an tuiscint,chun a fháil amach ag an am céannacá bhfuil fad saoil agus an bheathaagus solas don tsúil agus an tsíocháin.

15. Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna?Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?

16. Cá bhfuil ceannairí na gciníochaagus ceansaitheoirí ainmhithe na cruinne?

17. Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeiragus lucht taiscthe airgid agus óir -nithe a gcuireann daoine a muinín iontu -ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.

18. Cá bhfuil na gaibhne gealaa oibríonn chomh cúramach sinnach bhfuil cur síos ar ealaíontacht a saothair?

19. Tá siad go léir téaltaithe leoagus imithe síos go Háidéasagus tá dream eile tar éis éirí suas ina n‑áit.

20. Tháinig glúin níos óige ar an saol,agus d'áitrigh siad an tír ina ndiaidh;ach níorbh fhios dóibh ach oiread slí an eolais;

21. ná níor thug siad aird ar a bealaíná ní raibh siad gafa léi chor ar bith;is amhlaidh a d'imigh a gclann mhaci bhfad ar fán óna bealach.

22. Níor chualathas trácht uirthi i gCanán;ná ní fhacthas í i dTéamán.

23. Fiú amháin sliocht Ágara bhíonn ar thóir na tuisceana ar an talamh,agus trádálaithe [Mhidián] agus Théamánagus na seanchaithe agus lucht cuardaithe an eolais,níor aimsigh siad slí na heagnaná níor chuimhin leo a bealaí.

24. A Iosrael, nach mór go deimhin é teach Dé!Nach fairsing é a fhearannas!

25. Is leathan é go deimhinagus níl aon teorainn leis;is ard é chomh maithagus tá sé dothomhaiste.

26. Is ann a gineadh na fathaigh cháiliúla,a bhí ann anallód -fír a bhí an-ard agus oilte i gcúrsaí cogaidh.

27. Níorbh iad siúd a thogh Dia,ná ní dóibh a thaispeáin sé slí an eolais.

28. Bascadh iad toisc gan bua na tuisceana a bheith acu;díothaíodh iad mar gheall ar a ndíth céille.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 3