Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 3:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, is anam buartha agus spiorad imníoch atá ag éamh ort.

2. Éist, a Thiarna, agus déan trócaire orainn, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh.

3. Óir, bíonn tusa i do shuí ar do chathaoir ríoga i gcónaí ach bímidne ag meath gan stad.

4. A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, éist anois le guí mhuintir mharbh Iosrael agus chlann mhac na ndaoine a pheacaigh i d'aghaidh; níor éist siadsan le glór an Tiarna, a nDia, agus carnadh tubaistí orainne dá bharrsan.

5. Ná cuimhnigh ar choireanna ár n‑aithreacha ach i láthair na huaire seo cuimhnigh ar do chumhacht agus ar de chlú féin.

6. Óir, is tú an Tiarna, ár nDia, agus molaimid thú, a Thiarna.

7. Is chuige seo a chuir tú eagla ar ár gcroíthe romhat: go nglaofaimis ar d'ainm; molaimid thú le linn ár ndeoraíochta mar dhíbríomar urchóid ár sinsear a pheacaigh i d'aghaidh, ónár gcroíthe.

8. Féach orainn inniu agus sinn ar deoraíocht sa tír ar scaip tú inti sinn le go ndéanfaí sinn a mhaslú agus a mhallú agus a smachtú mar gheall ar choireanna uile ár n‑aithreacha a thréig an Tiarna, ár nDia.

9. Éist, a Iosrael, le haitheanta na beatha;tabhair cluas d'fhonn an chríonnacht a fhoghlaim.

10. Cén fáth, a Iosrael, cén fátha bhfuil tú ag lonnú i dtír do naimhdeagus ag dul in aois i dtír iasachta?

11. Cén fáth ar truaillíodh ag na mairbh thúagus ar áiríodh thú orthu siúda théann síos go Háidéas?

12. Toisc gur thréig tú tobar na heagna.

13. Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúintbheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.

14. Foghlaim cá bhfuil an chríonnachtagus an chumhacht agus an tuiscint,chun a fháil amach ag an am céannacá bhfuil fad saoil agus an bheathaagus solas don tsúil agus an tsíocháin.

15. Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna?Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?

16. Cá bhfuil ceannairí na gciníochaagus ceansaitheoirí ainmhithe na cruinne?

17. Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeiragus lucht taiscthe airgid agus óir -nithe a gcuireann daoine a muinín iontu -ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 3