Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 8:11-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Féach, tá na laethanta chugaibh,a deir an Tiarna Dia,nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,nach gorta bia ná dí é,ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.

12. Tuisleofar ó fharraige go farraige;seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.

13. An lá sin titfidh idir chailín deasagus bhuachaill breá i laige le tart.

14. An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáireagus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 8