Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Ceathrú Fís

1. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom:cliabh de thorthaí aibí.

2. “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé.Ansin dúirt an Tiarna liom:Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.

3. Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,- is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn -beidh na corpáin gan áireamh annagus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.

Caimiléirí

4. Éistigí leis seo,sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoiríchun bochtáin na tíre a dhíothú.

5. Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,ionas go ndíolfaimid arbhar,agus leis an tsabóid,ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mórtrí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,

6. go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgeadagus an t‑ainniseoir le péire cuarán,agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?

7. Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choícheaon rud dá bhfuil déanta acu.

8. Nach dá bhrí seo a chritheann an talamhagus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?Tá sí ag borradh ar nós na Níleagus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?

Bagairtí Eile

9. An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia,tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin,agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.

10. Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaíagus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.

11. Féach, tá na laethanta chugaibh,a deir an Tiarna Dia,nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,nach gorta bia ná dí é,ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.

12. Tuisleofar ó fharraige go farraige;seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.

13. An lá sin titfidh idir chailín deasagus bhuachaill breá i laige le tart.

14. An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáireagus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.