Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 1:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Agus dúirt sé:Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite,agus mullach Chairmeil ag feo.

3. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Damaisce,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

4. teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil,a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;

5. brisfidh mé barraí gheata na Damaisceagus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivinagus rialtóir Bhéit Eidin;agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,a deir an Tiarna.

6. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Ghazá,In éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar an bpionós.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadóm,

7. teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazáa dhófaidh a páláis;

8. díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeodagus rialtóir Aiscileon;agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrónagus bascfar an Filistíneach deireanach,a deir an Tiarna Dia.

9. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Tuíre,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadómagus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,

10. teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuírea dhófaidh go talamh a páláis.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 1