Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Réamhrá

1. Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.

2. Agus dúirt sé:Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite,agus mullach Chairmeil ag feo.

Breithiúnas ar Iosrael agus a Chomharsana

An Damaisc agus na Feorainn

3. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Damaisce,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

4. teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil,a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;

5. brisfidh mé barraí gheata na Damaisceagus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivinagus rialtóir Bhéit Eidin;agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,a deir an Tiarna.

6. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Ghazá,In éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar an bpionós.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadóm,

7. teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazáa dhófaidh a páláis;

8. díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeodagus rialtóir Aiscileon;agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrónagus bascfar an Filistíneach deireanach,a deir an Tiarna Dia.

9. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Tuíre,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadómagus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,

10. teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuírea dhófaidh go talamh a páláis.

11. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Eadóm,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomhagus gur rad uaidh gach uile thrua,go mbíodh sé i gcónaí confachagus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,

12. teilgfidh mé tine síos ar Théamána dhófaidh go talamh páláis Bhozrá.

13. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca chlann Amón,in éiric a gceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur scoilt siad mná Ghileáda bhí ag iompar clainneionas go leathnóidís a gcríocha féin,

14. lasfaidh mé tine i mballa Rabáagus dófaidh sí a páláisle gáir lá an chatha,le stoirm lá na doininne;

15. agus rachaidh a rí ar deoraíocht,é féin agus a phrionsaí leis,a deir an Tiarna.