3. Dúirt an rí: “Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?” D'fhreagair Zíbeá an rí: “Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.”
4. Dúirt an rí leis: “Cá bhfuil sé?” Dúirt Zíbeá leis an rí: “Tá cónaí air i dteach Mhácaír mac Aimíéil i Ló Dabár.”
5. Chuir Dáiví rí fios air agus thug é ó theach Mhácaír mhic Aimíéil i Ló Dabár.
6. Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé.
7. Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”