Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 6:16-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

17. Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.

18. Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.

19. Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D'imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.

20. Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”

21. D'fhreagair Dáiví Míceal: “Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh d'athair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna

22. agus mé féin a ísliú níos mó fós. Beidh mé gan mheas i do shúilese, ach beidh deamheas orm ina súile siúd, na cailíní a luann tú.”

23. Go lá a báis bhí Míceal iníon Shóil gan chlann.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 6