Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 3:19-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví.

20. Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta.

21. Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.

22. Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d'imigh sé go síochánta.

23. Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”

24. Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: “Cad tá déanta agat?” ar sé. “Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth?

25. Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.”

26. D'imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví.

27. Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.

28. Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: “Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna.

29. Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”

30. (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 3