Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 23:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Seasann mo theach daingean i láthair Dé,mar rinne sé conradh síoraí liom,agus d'fhág gach ní in eagar go teann.Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mégach ní is mian liom?

6. An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh,nach mbailítear choíche le láimh duine:

7. ach an té a bhaineann leo,gabhann sé chuige iarann nó crann sleáagus ansin dóitear ar fad iad sa tine.

8. Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; d'imir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile.

9. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.

10. Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d'fhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.

11. Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t‑arm roimh na Filistínigh.

12. Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.

13. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

14. Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.

15. Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 23