16. Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.
17. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n‑anam i mbaol ar eachtra?” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
18. Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
19. Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr.