Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 22:41-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. Chuir tú d'iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom;an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad.

42. D'fhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann;ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra.

43. Meilim iad chomh mín le smúit na talún,pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna.

44. Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairceagus mé a chur ar cheann na náisiún.Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom.

45. Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam.A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom.

46. Cailleann eachtrannaigh a misneachagus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.

47. Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig.Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe,

48. Dia a rinne díoltas dom,a threascair ciníocha fúm,

49. a shaor mé ó mo naimhde,a d'ardaigh mé os cionn lucht m'ionsaithe,a d'fhuascail mé ó fhear an éigin.

50. Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna,i measc na gciníocha,agus moladh a chanadh do d'ainm.

51. Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí;taispeánann a bhuanghrá dá ungthach,do Dháiví agus dá chomharbaí go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 22