Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 22:38-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad,gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe.

39. Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad;titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.

40. Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath,agus lúb tú lucht m'ionsaithe síos fúm.

41. Chuir tú d'iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom;an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad.

42. D'fhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann;ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra.

43. Meilim iad chomh mín le smúit na talún,pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna.

44. Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairceagus mé a chur ar cheann na náisiún.Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom.

45. Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam.A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 22