Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 22:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil.

2. Is é a dúirt sé:An Tiarna mo charraig, mo dhaingean;

3. Sé mo Dhia m'fhuasclóir.Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é,mo sciath, agus adharc mo shlánaithe,mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir.Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.

4. Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis,agus fuasclaítear mé ó mo naimhde.

5. Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall,agus bhris tuilte urchóide i m'aghaidh.

6. Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach ormagus gaistí an bháis ar tinneall romham.

7. Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar;d'éigh mé chun mo Dhé.Chuala sé mo ghlór óna theampall,agus thug sé cluas do mo ghlao.

8. Luaisc agus chrith an talamh;tháinig creathán ar mháithreacha na spéire -tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.

9. Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine,agus óna bhéal tine íditheacha las sméaróidí dearga.

10. Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé,agus scamall dubh faoina chosa.

11. In airde ar cheirib leis agus d'eitil,agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.

12. Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.

13. Roimhe amach d'adhain splanc,casair agus caora tintí.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 22