Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 2:25-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile ina gcipe dlúth ar chúl Aibnéar agus sheasadar an fod ar mhullach Shliabh Amá.

26. Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”

27. “Dar an Tiarna beo,” arsa Ióáb, “mura mbeadh gur labhair tú, ní scoirfeadh an dream seo den tóir ar a mbráithre go maidin.”

28. Ansin shéid Ióáb a stoc agus stad na saighdiúirí go léir gan dul sa tóir ar Iosrael a thuilleadh ná troid leo.

29. Bhí Aibnéar agus a chuid fear ag imeacht leo tríd an Arabá ar feadh na hoíche sin go léir, agus ghabhadar thar an Iordáin, agus leanadar orthu an mhaidin sin gur tháinig siad go Machanáím.

30. D'fhill Ióáb ón tóir ar Aibnéar, agus nuair a bhí a dhíorma go léir cruinnithe aige, bhí naonúr déag chomh maith le hAsáhael ar iarraidh ó lucht leanúna Dháiví,

31. ach bhí trí chéad agus trí fichid de Bhiniáimin, muintir Aibnéar, marbh ag lucht leanúna Dháiví.

32. D'ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 2