Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 2:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ghluais Aibnéar mac Néar agus lucht leanúna Ís Bál amach ó Mhachanáím go Gibeón.

13. Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile.

14. Dúirt Aibnéar le Ióáb: “Tagadh na hóglaigh chun tosaigh agus bíodh comhrac acu os ár gcomhair.” “Déanaidís,” arsa Ióáb.

15. Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.

16. Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.

17. Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.

18. Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.

19. Chuaigh Asáhael sa toir ar Aibnéar, gan casadh ar dheis ná ar chlé agus é sa tóir ar Aibnéar.

20. Chas Aibnéar siar air: “A Asáhael,” ar sé, “an tú atá ann?” D'fhreagair seisean: “is mé.”

21. “Cas ar do dheis nó ar do chlé,” arsa Aibnéar leis, “agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.” Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.

22. Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: “Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d'fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?”

23. Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar.

24. Ach lean Ióáb agus Aibísí sa tóir ar Aibnéar agus le fuineadh néil nóna shroicheadar Sliabh Amá atá roimh Ghía ar an mbealach go fásach Ghideón.

25. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile ina gcipe dlúth ar chúl Aibnéar agus sheasadar an fod ar mhullach Shliabh Amá.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 2