Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 10:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.

8. Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”

9. Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?

10. Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin nach rachaidh focal amú dá bhfuil ráite ag an Tiarna in aghaidh shliocht Acháb. Tá gach a ndúirt sé trína shearbhónta Éilias déanta ag an Tiarna.”

11. Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.

12. Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó

13. tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”

14. “Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil.

15. D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

16. “Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.

17. Nuair a chuaigh sé isteach sa tSamáir chuir sé chun báis ar fhan beo de shliocht Acháb sa tSamáir; scrios sé iad de réir mar a dúirt an Tiarna le hÉilias a tharlódh.

18. Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 10