Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 10:22-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.

23. Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”

24. Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil.Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: “An té a ligfidh d'aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.”

25. A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.

26. Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é.

27. Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.

28. Sin mar a scrios Iéahú Bál as Iosrael.

29. Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

30. Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”

31. Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 10