Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 10:12-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó

13. tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”

14. “Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil.

15. D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

16. “Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.

17. Nuair a chuaigh sé isteach sa tSamáir chuir sé chun báis ar fhan beo de shliocht Acháb sa tSamáir; scrios sé iad de réir mar a dúirt an Tiarna le hÉilias a tharlódh.

18. Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.

19. Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.” Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios.

20. Agus dúirt Iéahú: “Cruinnigí tionól naofa do Bhál!” Agus thugadar fógra cruinnithe.

21. Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann.

22. Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.

23. Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”

24. Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil.Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: “An té a ligfidh d'aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.”

25. A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.

26. Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é.

27. Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.

28. Sin mar a scrios Iéahú Bál as Iosrael.

29. Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

30. Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 10