Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 8:24-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Leis an Uilechumhachtach mar chomhghuaillí, mharaigh siad breis agus naoi míle dá naimhde agus rinneadar formhór arm Niocánór a ghoineadh nó a leonadh agus chuir siad an teitheadh orthu go léir.

25. Leag siad féin lámh ar airgead lucht a gceannaithe mar dhaoir. Chuaigh siad sa tóir orthu ar feadh tamaill fhada, ach ansin d'fhill siad cheal ama.

26. Ba í oíche na sabóide í agus dá bhrí sin níor lean siad sa tóir orthu.

27. Chruinnigh siad airm a naimhde, bhain a n‑éadáil díobh, agus ansin cheiliúir siad an tsabóid le moladh agus le buíochas don Tiarna a rinne iad a chaomhnú don lá sin agus a bhronn orthu é mar chéad bhlaiseadh a thrócaire.

28. Nuair a bhí an tsabóid thart, thug siad cuid den chreach don mhuintir a céasadh, agus do na baintreacha agus na dílleachtaí, agus roinn siad an chuid eile orthu féin agus ar a gclann.

29. Ar chur sin i gcrích dóibh, ghlac siad páirt in urnaí phoiblí á impí ar Thiarna na trócaire cairdeas iomlán a dhéanamh lena shearbhóntaí.

30. Chuir siad cath freisin ar fhórsaí Thiomóid agus Bhacaídéas, mharaigh siad thar fiche míle díobh, agus fuair seilbh ar roinnt daingean ard. Roinn siad an chreach ábhalmhor ina dhá cuid chothroma, agus thug cuid dóibh féin agus an oiread céanna don mhuintir ar ar imríodh géarleanúint, agus do na dílleachtaí agus do na baintreacha, gan dearmad a dhéanamh ar na seandaoine.

31. Chruinnigh siad airm [an namhad] agus chuir i dtaisce go cáiréiseach iad in áiteanna feiliúnacha. Thugadar an chuid eile den chreach go Iarúsailéim.

32. Mharaíodar captaen gharda Thiomóid, ropaire cruthanta, a raibh a lán urchóide déanta aige do na Giúdaigh.

33. Le linn dóibh a bheith ag ceiliúradh a mbua ina gcathair dhúchais mharaigh siad an dream a chuir na geataí naofa trí thine, Caillistinéas agus dornán eile; bhíodarsan teite isteach i dteach beag; fuaireadar luach saothair cuí ar son a ndiamhasla.

34. Niocánór na dtrí mallacht, an té úd a thug leis an míle ceannaí chun na Giúdaigh a cheannach,

35. umhlaíodh é le cabhair an Tiarna ag céilí comhraic a mheas sé a bhí ar an dream ba shuaraí; chaith sé de a éide thaibhseach agus chuir chun bealaigh leis féin tríd an dúiche mar a dhéanfadh teifeach daoráin, agus shroich sé Aintíoch le barr áidh agus a arm féin scriosta.

36. Ar an gcuma sin, an fear a gheall go dtabharfadh sé a gcáin do na Rómhánaigh trí na bránna ó Iarúsailéim a ghabháil, bhí sé á fhógairt anois go raibh Cosantóir ag na Giúdaigh, agus dá bhrí sin go raibh na Giúdaigh dochloíte mar go raibh na dlíthe a leag seisean síos á gcomhlíonadh acu.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 8